Go Back

Colette Drinan
Rúnaí agsu Stiúrthóir Iniúchta
Tá Colette ina Rúnaí agus ina Stiúrthóir Iniúchóireachta ó 2019. Chomh maith le bheith ina hOifigeach Cuntasaíochta don Oifig, stiúrann sí clár iniúchóireachta na gcuntas leithreasa rialtais láir. Tá taithí aici ar stiúradh an chláir iniúchóireachta feidhmíochta, chomh maith le hiniúchtaí ar chomhlachtaí Stáit.
Is ball de Bhord Iniúchóirí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh í Colette. D’fhóin sí roimhe seo ar Choiste Comhairleach Meastóireachta agus Iniúchóireachta na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus bhí sí ina cathaoirleach ar Choiste Maoirseachta OLAF, gníomhaireacht frithchalaoise an AE.
Tháinig sí isteach san Oifig in 2013 ó Bhanc Ceannais na hÉireann, áit a raibh roinnt ról aici i maoirseacht rialála thar thréimhse 12 bliana, lena n-áirítear bainistíocht ranna. Rinne sí oiliúint mar iniúchóir le PricewaterhouseCoopers.
Is comhalta de Chuntasóirí Cairte Éireann í Colette agus tá céim Mháistreachta sa Chuntasaíocht aici ó Scoil Ghnó Iarchéime Michael Smurfit, UCD, chomh maith le céim Bhaitsiléara Tráchtála (Idirnáisiúnta) ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.








